

Is ceann de thrí oileáin Árann é Inis Meáin atá suite timpeall 15 míle ó chósta thiar na hÉireann. Ta réimse mór leacracha cloch aoil le feicáil ar an oileán, rud nach bhfuil fairsing ar fud na hEorapa. D’oibrigh na daoine leis na glúnta leis an talamh a stocáil. Thógadar claíocha cloch leis an talamh a roinnt agus le foscadh a thabhairt do dhuine agus d’ainmhí.
Tá traidisiún feilméarachta agus iascaireachta san áit agus cultúr láidir a bhfuil na daoine brodúil as. Sí an Ghaeilge teanga labhartha phobal an oileáin. Tá suaimhneas le fáil ar an oileán seo mar nach mbíonn an iomarca turasoirí ag tarraingt air. Go deimhin is minic nach gcasfaí deoraí ort agus tú ag spaisteoireacht ar na hailtreacha nó ar an taobh ó dheas den oileán. Cén áit eile a n’aireodh tú an síochán agus an suaimhneas seo ach in Inis Meáin?