

Tá ceathair seomra mór sa bhfoirgneamh le bealach isteach príobháideach ag gach ceann agus áit suí taobh amuigh. Tá an lóistín feiliúnach do duine amháin nó beirt le halla beag, áit suí agus áit codlata “en suite” taobh istigh. Tá fuinneog mhór fhada i ngach seomra le radharc ar chuan na Gaillimhe uilig.
Beidh ábhar iascaireachta, rothair agus leabhra ar fáil do chuairteoiri in ionad teilifís chun taitneamh a bhaint as an áit agus scith a ligean ar a gcompóird. Tabharfar bricfeasta go dtí an seomra gach maidin agus beidh cuairteoirí in ann bia réamh-ulmhaithe agus fíon ón mbialann a bheith acu chomh maith. Tá na seomraí an-fheiliúnach do bheirt a bheadh ag iarraidh briseadh ciúin ó shaol gnothach na cathrach.