Inis Meáin
 
 
REAMHRÁ

Is ceann d’Oileáin Árann i gcuan na Gaillimhe é Inis Meáin. Níl an t-oileán morán le cois trí mhíle ar leithead agus tá 200 duine ag maireachtáil ann. Is as Inis Meáin é Ruairí de Blacam agus tá tréimhse fada caite aige ag cócaireacht ar fud na hEorapa. Is as Corcaigh ó dhúchas í a bhean chéile Marie-Thérèse. Tá cáilíocht agus taithí aice i gcursaí gnó agus faisiúin. Le chéile shocraigh said gnó a thosnú a thabharfadh seans dóibh maireachtáil in Inis Meáin.

Tá an tógra seo curtha ar bun le cóir mhaith a chur ar an turasóir ó thaobh lóistin agus bia, chun go mbeidh sé/sí in ann sásamh a bhaint as a gcuairt agus tuiscint níos fearr a fháil ar shaol an oileáin. Dhear ailtirí de Blacam & Meagher an foirgneamh agus tá sé bunaithe ar bhallaí cloch an oileáin. Tá na seomraí simplí agus fairsing, le radharc ar chuan na Gaillimhe ar fad. Tá bia maith áitiuil le fáil sa mbialann.

NB - na t-aon dátaí atá seomraí só fós ar fáil i séasúr 2010 ná roinnt deireadh seachtaine i mí Meán Fómhair. Déan teagmháil dúinn le do thoil más maith leat fógra faoi chealuithe.